(68) Ionas go gcuirfear neart tuilleadh leis an smacht a bhíonn ag ábhar sonraí ar a chuid nó a cuid sonraí féin, i gcás go ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach uathoibrithe, ba cheart a cheadú freisin don ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann, atá inléite ag meaisín agus atá idir-inoibritheach a fháil, agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile.
Ba cheart rialaitheoirí sonraí a spreagadh chun formáidí idir-inoibritheacha lena gcumasaítear iniomparthacht sonraí a fhorbairt.
Ba cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás gur ar bhonn a thoil nó a toil a chuir an t-ábhar sonraí na sonraí ar fáil nó más gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh.
Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar fhoras dlíthiúil seachas toiliú nó conradh.
Mar gheall ar chineál an chirt sin, níor cheart é a fheidhmiú i gcoinne rialaitheoirí a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil agus a ndualgais phoiblí á bhfeidhmiú acu.
Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige i gcás ina bhfuil sé an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta riachtanach chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil ar faoina réir atá an rialaitheoir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
Leis an gceart atá ag an ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a tharchur nó a fháil, níor cheart oibleagáid a chruthú do na rialaitheoirí córais próiseála a ghlacadh nó a choimeád, ar córais iad atá comhoiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta.
Más rud é, i sraith áirithe de shonraí pearsanta, go bhfuil níos mó ná ábhar sonraí amháin i gceist, ba cheart an ceart sonraí pearsanta a fháil a bheith gan dochar do chearta agus do shaoirsí ábhair eile eile sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Thairis sin, níor cheart gur dhochar an ceart sin do cheart an ábhair sonraí go léirscriosfaí sonraí pearsanta ná do theorainneacha ar an gceart sin mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo agus níor cheart, go háirithe, é a bheith i gceist leis go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí, a chuir sé nó sí ar fáil chun conradh a chomhlíonadh a mhéid agus a fhad is a bheidh na sonraí pearsanta riachtanach chun an conradh sin a fheidhmiú.
I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí go ndéanfaí na sonraí pearsanta a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile.
- = -
(84) D'fhonn feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcás inar dócha, leis na hoibríochtaí próiseála, go mbeadh ardriosca ann i dtaca le cearta agus saoirsí na ndaoine nádúrtha, ba cheart don rialaitheoir a bheith freagrach as measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh go háirithe ar thionscnamh, ar chineál, ar leithleachas agus ar dhéine an riosca sin.
Ba cheart toradh an mheasúnaithe a chur san áireamh agus na bearta iomchuí á gcinneadh, ar bearta iad a dhéantar chun a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta an Rialachán seo.
I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbaineann ardriosca le hoibríochtaí próiseála nach féidir leis an rialaitheoir a mhaolú trí bhearta iomchuí ó thaobh na teicneolaíochta atá ar fáil agus na gcostas a bhaineann leis an gcur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéantar an phróiseáil.
- = -
(103) Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus bheadh feidhm ag an gcinneadh sin ar fud an Aontais, go gcuireann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe i dtríú tír, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, rud a sholáthraíonn deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht dhlíthiúil ar fud an Aontais maidir leis an tríú tír nó leis an eagraíochtaí idirnáisiúnta a mheastar go gcuireann siad leibhéal cosanta den sórt sin ar fáil.
I gcásanna den sórt sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú chuig an tír sin nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta sin gan an gá aon údarú breise a fháil.
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, tar éis dó fógra in leith agus ráiteas iomlán lena leagtar amach na cúiseanna a thabhairt don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta, cinneadh den sórt sin a chúlghairm.
- = -